School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 045](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_045.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 045
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 045
- XML “An Fáinne Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aon mhaidean amháin bhí na truir cailíní eile ag dul go dtí an t-Aifreann agus bhí an cailín seo a' d'iarraidh dul ann ach ní leigfidís ann í.
Chaitheadar salann mór timcheall an úrláir agus dúbhradar léi é sin é sin a bhreith léi. Bhí sí ag gol mar dúbhairt sí ná feudfadh sí é bhailiú.
Níor bhfada go dtáinig a máthair chúiche agus dúbhairt sí léithe dul siar 'on gháirdin agus buille de'n t-slaitín draoidheachta a tharrac ar chloch bhán.
D'imthig sí siar agus thairrig an buile ar an gcloich bháin agus d'eirig capall bán chúiche.
Ansan chuir sí airthe culaith eudaig a fuair sí ó n-a máthair agus d'imthig sí airthe go dtí an t-Aifreann. Nuair a bhí sí ag deunamh ar thig an Aifrinn ghaibh sí tar an dtrúir cailíní amach. Bhí iongnadh an domhain ortha cér b'í féin.
Nuair a chuaidh sí go dorus tighe an Aifrinn chuaidh an capall ar a dhá ghlúin agus tháinig sí anuas do agus d'imthig airthe isteach go dtí an t-Aifreann.
Nuair a bhí an t-Aifreann ráidhte(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Leidhin
- Gender
- Male
- Age
- 19
- Address
- Cloichear, Co. Chiarraí