Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 294](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0419%2FCBES_0419_294.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 294
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíodh ortha. Bhíodh an biadh ró-láidir dóibh agus cailltí iad. Bhí triúr fear ag obair i gCom An Liaig lá. Bhíodar ag rómhar an choinnlig féachaint an bhfaghaidís aon phráta. Ghaibh fear chúcha, agus casóg mhór air, agus bhí cuma ana ghalánta air.
"Cé hé ceann na mithile" ar sé leir an dtriúr.
"Mise" arsa Mícheál Ó Catháin (b'iné an ceann).
"An dtabharfá dom cúpla práta agus Beannacht Dé ort", ar sé.
"Tabharfhad" arsa Mícheal "ach tá glaoidhte chum bídh orainne anois, agus féadfhair dul in ár dteannta".
"Ní raghad", ar sé.
Chuaidh sé isteach an ghort agus thug sé leir lán a phóca do phrátaí. Ní raibh sé ach dhá ghort uatha nuair a thuit sé. Cuadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Bhúdhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peaid Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí