Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon fheirm againn ach cuirimíd prátaí i ngort le duine éigin eile! Siad an buachaill aimsire agus m'athair a d'ullmhuigheann an talamh na gcóir. Leathtar aoileach ar an ngort sar a gcuirtear na prátaí. Tairrigtear an taoileach ó'n mbuaile 'dtín ngort, agus leathtar ar an ngort é le píce agus le sluaisaid. Deintear le céachda nó le ramhainn na leabthacha i gcóir na bprátaí. Ní chuireann aoinne sa cheanntar so prátaí i ndrilleanna.
Úsáideach céachtaí adhmaid annso, sar a dtáinig an chéachta iarainn.
Ní úsáidtear fós iad. Deintí na raimhne go léir sa chéardchain fadó bíonn súil ar gach scioltán, agus bíonn siad istigh i mála go nglaodhtar, urlach air, ag an nduine a bhíonn ag sáthadh. Dúntar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Bhúdhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Bhúdhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí