Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nósa na Bealtaine fadó.
Fadó ní leigfí d'aoinne a bheith amuigh déanach Oidhche Bhealtaine ar eagla go sciobfaí iad mar chreididís i bpúcaí an t-am úd. Lá Bealtaine i gcómhnaidhe do chaitheadh na daoine uisge coisreacan ar na ba , mar sin é an uair a thosnuighidís ag bailiughadh an bhainne agus chaithidís an t-uisge coisreacan ortha d'fhonn is go mbeadh bainne maith ag na ba agus go mbeadh torthadh maith ar an mbainne. Oidhche Bhealtaine chuiridís fíor-uisge i dtig an bhainne ar eagla go ngoidfaí an t-ím agus an bainne uatha.
Bhíodh planndaí éigin eile ag fás sa talamh ar a dtugtaí "Rosarí" nó luibh an ime.Bailighdís iad so, agus chuiridís ag beiriughadh iad, agus cuiridís an t-uisge a bhíodh ortha i mbuidéalaibh agus gach aon cuigean a dheinidís chuiridís braon de'n uisge seo ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamus Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cloichear, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloichear, Co. Chiarraí