Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nósa oidhche Shamhna.
Is iad na nósa chéadna a chleachtuigheadh na daoine fadó oidhche Shamhna agus a chleachtid anois. Acht má seadh, bhiodh críona agus óg á gcleachtadh. Ní mar sin atá an sgéal anois ní bhíonn acht an t-aos óg á gcleachtadh. Bhíodh ana spórt ag na daoine fadó oidhche Shamhna. Bhiodh tig áirithe sa bhaile ceapaithe ag an ndream óg agus críona i gcóir oidhche Shamhna. Bhíodh seana-mhná, mná óga, sean daoine, agus daoine óga bailithe ag an dtig seo.
Lé tuiteam na h-oidhche iseadh a thagaidís go dtí an dtig. Thugadh gach aoinne ubhalla leis, agus an té go mbíodh aon bhun cóir air thugadh sé breis leis. Bhí giúis ana fhluirseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás O Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí