Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fé do'n ngréin sin cómharthaí droch aimsire.
Ainmidhche:
Aithnígheann daoine leis droch-aimsir ar ainmhidhche mar an cath agus an madra. Nuair a bhíonn an cath ag scríobadh sin cómharthaí droch aimsire, agus nuair a tugann sé a thún don dteine sin cómharthaí droch-aimsire. Nuair a bhíonn an madra ag ithe an fhéir ghlais sin cómharthaí droch-aimsire. Nuair a bhíonn sceónghail i mbolg an mhadra sin cómharthaí báistíghe.
Réilthíní:
Tá cómharthaí leis ann lé na n-aithníghtear an oidhche a bheith ag cur seaca mar bíonn na réiltíní ana lasta suas agus bhíonn an oidhche ana lasta suas ag na réiltíní agus é fuar go maith.
Eanlaithe:
Siad na h-eanlaithe is mó go n-aithníghtear droch aimsir ortha ná: na "cuirliúin"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí