Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar is cóir í.
(31) Ní ualach do dhuine a bhrat ná a bhróga.
(32) Níl aon teinnteán mar do theinteán féin.
(33) Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht.
(34) Tiocfhaidh an bás nuair is lúgha bheidh coinne leis.
(35) Múineann gádh seift.
(36) Dá fhaid é an lá tagann an oidhche.
(37) I ndhiaidh a chéile iseadh tógtar na caisleáin.
(38) Mada-ruadh dhá uair ní mealltar é.
(39) Ní thagann ciall roim aois.
(40) Dá mbeadh brothall go Samhain ann bheadh breall ar dhuine éigint.
(41) Ní h-aon mhaith sagart gan cléireach.
(42) Is dána é gach madra i mbeul a dhorais fhéin.
(43) Cealacan fada gus easba na mbróg deineann sé sean-duine do bhuachaill breágh óg.
(44) Mol an óige is tiocfhaidh sí.
(45) Ní féidir ceann críona a chur ar colainn óig.
(46) Ní dheanfhadh an saoghal capall ráis d'asal.
(47) An(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí