Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Michael Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 463

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 463

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.)
  2. XML Leathanach 463
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a deir an seana-rádh.
    Is é "Dardaoin dubh" lá crosta na bliana. Níl fios ag éinne cathain a thagann sé acht deir an seana dhream na fuil sé ceart ag éinne pósadh an lá san nó dá bposfhadh, ní bheadh aon rath ortha.
    Is iad laethanntha na "Bó Riabhaiche" an dá lá dheireannach de'n Mhártha, agus an chéad la d'Abrán. Deirtear dámbeadh ainmhidhe lag ann i dtosach na bliana go gcaillfaí na laéthanntha san é, agus muna gcaillfaí mhairfheadh sé bliain eile ar a luighead.
    Tagann "Fóghmhar na nGéan" i mí Meadhon Fhóghmhair nuair a bhíonn an coirce dá bhailiú isteach san Iothlainn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Luibhéad
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí