Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 489
- XML “Scéal - An tAimiréal Ó Muircheartaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bheith críochnuithe nuair d'eirigh sé amach as an gColáiste agus do chuaidh sé ar bhórd árthaig go dtí Sasana. D'iompuigh sé na "souper". Do bhí sé tamall ar bhórd árthaig g [?] cogaidh i seirbhís an t-Sasanaig. Ins an am so do bhíodh crinniú ag Ceannairí árthaighe fairrge go léir in a leithéid sin do chuan. Do bhíodh ceol is rinnce, ithe is ól aca i rith an chruinnithe sin de ló agus t-oidhche. Do bí an Amiréal Ó Muircheartaig 'na mháirnéalach agus 'na shean-bhaitsiléar an uair seo ar bhórd ceann des na h-árthaí úd. Nuair a bhailig na h-árthaighe sa chuan lá cruinnithe áirithe d'eirig fuireann gach n-árthaig is do chuadar ar bhórd árthaig eile. Ach níor chorruig an máirnéalach Ó Muircheartaig. Nuair a bhíodar ar fad imthithe agus ceól is damhas ar siubhal aca do ghlac sé seo chuige a bheidhlín agus do thosnuigh ar bheith ag seinnt do féin. Níor bhfada go raibh cluas lé h-éisteacht ag na ceólteóirí eile agus ag fuirinn na n-árthach go léir agus do taidhsígheadh dóibh nár chualadar riamh ceól ba bhinne. D'eirig Captaéin áirithe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí