Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 492
- XML “Scéal - An tAimiréal Ó Muircheartaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-áirithe bhí neart ag an aimiréal triúr a thabhairt saor sa mbliaidhain go mbeadh cúis crochta ortha.
Do bhí an t-Aimiréal Ó Muirchearta tamall 'na chómhnaidhe sa Chaisleán i bparróiste Mhárthain i n-aice tíghe Mhichíl Uí Loinsigh i mBaile'n Éanaig. San am san do bhíodh sagart thuaidh ar an Muiríg 'na chómhnuidhe (go ceann i bhfad bhíodh sagart annsúd.) Nuair a bhíodh sé ag teacht go Baile'n Fheirtéirig gheibheadh sé an comhgar tré thalamh an Aimiréil Uí Mhuircheartaig. Nuair a chualaidh an t-aimiréal é sin do tháinig straidhn feirge air agus theastuig uaidh cosg a chur leis an sagart. Do chuir sé fógra go dtí an sagart. Ach níor thug an sagart aon toradh air. Chuaidh an t-Aimiréal agus a seirbhíseach annsan fé bhrághaid an t-sagairt chuig [?] é lamhach, i dtaobh (i dtaobh) gabháil tré na chuid talmhan. Do tháinig an sagart agus do ghaibh sé tarótha [?] sa chasán. Ní fheacfaidh an t-Aimiréal ar ao'chor é ach do chonnaic an seirbhíseach é. Nuair a bhí an sagart imithe do labhair an seirbhíseach leis an Amiréal agus dubhairt "cad tá ad choimeád annso?" Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí