Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 529

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 529

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 529
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsan. Bhí na maidí croise i bhfolach aige laistig de chlaidhe agus rug sé leis iad. Nuair a bhain sé amach an tig chroch sé na maidí croise anáirde ar na maidí snaidhmthe i dteannta an stáin úd agus an mála.
    Tháinig lá an phósta agus do bhí na daoine muinnteartha go léir cruinnithe i gcomhair na bainise i dtig an fhir. Is ins na tighthe a postaí lanamha an uair úd. Do bhí an tig lán agus an fhleadh ullamh. D'eirig an fear 'na sheasamh. Fuair sé dréimre agus leag sé anuas an mála a bhí ar crochadh ar na maidí snaidhmhthe, agus an stán agus na maidí croise. Do tharraing sé amach gach a raibh sa mhála agus do bhuail sé ar an mbórd iad. "Seo trí chomhairle" ar seisean "a fuaireas ó m'athair agus é ag fághailt bháis - an chéad chomhairle aon rud a thabharfainn ar an aonach gan é thabhairt abhaile liom arís. Níor dheineas rud air agus d'imthig capall breagh uaim da bharr. An dara comhairle a thug sé dham arsa sé ná dul ag fiosrú mo charad sara mbeinn ró mhór 'na nganntar agus an triomhadh comhairle dul amach go binn a' tighe agus feachaint soir is siar agus gan dul thairis sin nuair a bheinn ar lorg mná. "Sin é anois", ar seisean an tabharthas a fuaireas óm'
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910A: Wise Through Experience
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaig
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí