Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 536
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhathaig Bran annsan agus dhein sé a chnámha chomh mín le tobac. Annsan chimil sí a teanga do na geárraidhcacha a bhí i bhFionn. Do ghluais an duine uasal ó na thig féin é féin agus beirt buachaillí le cóisde dhá chapall. Thángadar go dtí Fionn agus b'éigin dóibh breith air agus é a chur isteach 'an chóisde. Cuireadh fé dhochtúirí é isteach i gcúirt an duin' uasail. Bhí sé mí imthighthe ós na Fianna agus thuigeadar gur rud éigin a bhí imthighthe air. Ghluais Oscar, Oisín agus Céadthach ar a thuairisc. Fuaireadar Fionn rómpa agus ba chumhang fiacal leó gan an ceann a bhaint do'n nduin' uasal toisg nár chuir sé scéala chúca i dtaobh Fhínn. D'fhan Fionn farais go dtí go raibh sé go maith agus fuair sé cómhra óir agus tháinig sé abhaile agus é go sásta tar éis na gaisge a bhí déanta aige.
- Bailitheoir
- Brighid Bodhlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí