Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seandhraoi ná raibh faic le deanamh aige anois ach nuair a bheadh an leanbh dhá bhliain ubhall a chur 'na dhorn agus gairm sgoile do chur amach, agus go dtiocfadh gach ainne, agus an té go dtabharfadh an leanbh an t-ubhall do gur b'é sin a athair. Do bhí san go maith is nuair a bhí an leanbh dhá bhliain do cuireadh an t-ubhall 'na dhorn agus cuireadh an gairm sgoile amach. Tháinig gach ainne bocht agus nocht agus chuaidh an t-amadáinín ann chomh maith le cách. Ghaibh an mháthair (Ghaibh an mháthair) amach leis an leanbh agus an t-úbhall 'na dhorn aige.
Gan amhras bhí na daoine móra i reachtaibh dul isteach 'na bhéal féachaint an dtabharfadh sé dóibh féin é ach níor thug. I n-árd an tráthnóna do shiubhaluig an mháthair is an leanbh tímcheall na h-áite go raibh an chuid is boichte de's na daoine agus ortha san do bhí an t-amadáinín le línn di bheith ag gabháil thairis an iomadáinín "Seo Daid an t ubhaill duit" arsa an leanbh. Chaill an Rí a chiall agus chuaidh sé go dtí an seandhraoí arís feachaint cad dhéanfaidhe leo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Lubhaing
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Beití de Lonndra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Chiarraí