Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuadhais-se thar a cheann go hIfrionn ag posadh amáireach. Mara mbrostóchair beidh deire agat-sa leis. Do ghread sí lei agus do bhuail Naomh Peadar lei suidhte go breagh aerach dho féin ar chapall áluinn ghreanta. "Tá t-ualach an-throm" ar seisean "Tabhair dhomh-sa na h-anamnacha san". "Im briathar-sa féin maise go bhfanfair gan iad" arsa Leidrín "mar do cheannuigheas féin go daor iad". D'imthig sí lei agus cé thárlóchadh lei ach Dia féin moladh go deo leis. "Tabhair dam-sa na h-anamnacha san a Leidirín" ar Sé. "Geobhair a Thighearna is fáilte" ar sí "Mar is Dhuit-se a cheannuigheas iad", agus thug sí dho na h-anamnacha. "A Dhia saor Leidirín bocht ó leic na bpian" ar sí agus do bailibh sí lei. Stad ná staonadh níor dhein sí go mbain sí amach tig an fir úd a bhí a' pósadh. Suidh sí in aice an doiris. Tháinig an fear ag roinnt fionna. Thug sé gloine do Leidirín. D'ól sí braon agus do chaith sí an fáinne síos sa ghloinne agus dubhairt á síneadh chun an fhir - "Ól sláinte Leidirín". D'ól sé é agus nuair thuit an fáinne i gcoinnibh a fhiacla d'fhéach ar Leidirín agus d'aithnig sé cé bhí aige. B'é faid ar a ghiorracht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirín Bhodlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na Caithne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhodhlaeir
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na Caithne, Co. Chiarraí