Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leat chun do ghearrcaig. Shuidh sí síos agus d'ith sí a sáith. Tharraing sí a h-eirball tríd an uisce agus dhein uachtar meala agus iochtar fola do. D'óladar a ndótháin de'n mil. Nuair a bhí an spideog ag imeacht dubhairt sí leis an bhfear bheith ag imeacht leis go mbuailfeadh tig breágh bán leis, agus dul isteach agus obair a lorg. "Agus" ar seisean "eiteochfar tú. Annsan abair leo go mbuailís liomsa is gur mé a stiúraidh ar an dtig tú. Mar sí bean an tighe sin mo dhriofúr-sa." D'imthig sé leis, agus bhuail an tig leis. Chuaidh sé isteach, bheannuig de mhuinntir an tighe agus d'fiafruig an mbeadh obair aca do. Ach mar a dubhairt an spideog ní fuair sé an obair. Annsan d'innis sé dóibh scéal na spideoige. Baineadh geit asta go léir, nídh nach ionghnadh nuair a chualadar an chainnt agus dubhradar go bhfagadh sé obair is fáilte. Thagadh an spideog ar a thuairisc go minic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirín Bhodhlaeir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Sheaghda
- Inscne
- Baineann