Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Roilgeacha
Roilg Dhún Úrlain
Tá roilg Dhún Úrlain i lár pharróiste an Fhirtéuraig. Ar thalamh na nGort nDubh atá sí.
Do bhí fotharach ann fadó ach níl aon rian do ós cionn talmhan anois. Tá uaigeanna ins an áit go raibh sé. Is i Roilg Dhún Úrlain a cuirtear furmhór de mhuínntir an pharróiste. Do bhí seacht tuama déag le muíntir Chonaill i lár an Teampaill agus níl áitreabh ar aon cheann acu anois. Is go Roilg Bhaile Bhuithín a théigheadh Conallaig Ard na Caithne. Tá inghean ministre Prodastúnaig curtha i Roilg Dhún Úrlain. Deirtear ná raibh aon fhiacal ag teacht dhi, do ghearraigh an ministir a dranndal le súil go ndéanfadh se slighe dos na fiacla, as san cailleadh í. G.G.Gubbins atá scríbhte ar lic na h-uagha. Tá uaig eile ar an dtaobh thuaidh do’n dteampall i n-aice uaig na bhFirtéarach. Rice agus Ferriter agus ainm éigin éile na h-ainmeacha atá scríbhte ós cionn na h-uagha. Tá siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Budlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Budhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Slatarha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cluainte, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peaid Sheáin Uí Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí