Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall (uimhir rolla 14480)
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an teine.Cómharthaí Soineanna:
Núair a bhíonn ceó bog bán ar na gleannta agus sléibhte ceó brothaill é sin.
Núair a chloisfeá ana ghlór ag abhainn agus í i bhfad uait cómhartha aimsir bhreágh iseadh é sin.Cómharthaí droch-aimsir:
Boisín na maidne agus madra an tráthnóna is cómhartha droch-aimsir é sin.
Núair a bhíonn an madra ag ithe an fhéir ghlais cómhartha droch-aimsir é sin.
Núair a bhíonn an cat ag dul isteach sa teine bíonn stoirm air. Cómharthaí seaca:
Núair a bhíonn na smólaig agus na céarsaig tagaithe anuas ó'n gcnoc is cómharthaí seaca é sin.
Núair a bhíonn an spéir ana réileanach deirtear go ndeanfhaidh sé sioc an oidhche sin.- Bailitheoir
- Tadhg Ó Caomháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí