Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 144
- XML “Séipéilín Ghallarais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá séipéilín ghallaruis suidthe ar an dtaobh thiar do Daingean Uí Cuise. Tá sé toghtha on ceatrú aois. Bhí lanamnú i ghallarus fado agus bhí aon mhac amhain aca. Aon lá amháin cuaidh an mhac go dtí an séipéilín agus thug sé leís abhaile cros a bhí dheanta dhe chloch a bhí ar bhínn an tSéipéilín. Agus i gceann cúpla lá bhuail sé breoithe. Bhí sé ag at agus ath no go raibh sé nach mor com reamhar lé tarbh. Ní raibh fios aige a mháthair cadh a dheanfadh sí chun é a leigheas acht sá deire thiar thall fuair sí amach gur guidh sé cros ón Séipéilín agus dúbhairt sí léi féin gur bé sín fé ndéara da mhac bheidh com breoithe.
Annsan láithreach bonn thug sí léi an cros go dtí an Séipéilín agus cuir an cros na ionad féin aris é. I gceann tamaill bhí an garsún ag dúl i bhfeabhas agus ní fada go raibh sé com mhaith agus bhí sé riamh. As sán amac ní thug sé léis abhaile aon rud a bhain léis an tigín naomhtha agus ní lugha no cuireann aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Míchéal O Seághdha
- Inscne
- Fireann