Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Bríde
- XML Leathanach 274
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ruad fola-thachtadh uatha agus baineadar di an leanbh.Bailig sí léithi annsan go dti an lios ata i n-iochtar Ódórna agus bhí a raibh do leanbaí sa pharóiste sciobtha léithi aici go dtí an lios.
- Bhí triúr bráthar n-a gcomhnuidhe i Seipéilín Gallarus fado agus tagadh biadh ó Neamh chúca gach lá. Tháinig la fliuch agus dubhairt duine dos na bráithre "Is olc an lá é" - ní dubhairt se, "Buideachas le Dia i n-aon-cur. Maidin lá ar na bháireach níor thainig aon biadh chuige, ná an lá n-a diaid sin. Do thuig sé annsan go raibh rud éigin deanta as an slige aige. Chuaidh sé amach sa gháirdín ag guidhe chum Dé agus labhair an Guth os a chionn. Dubhairt an Guth leis dul sios go dtí Abainn Ghallaruis agus maide a bhreith leis agus fanacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig O Maeleoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí