Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Bríde
- XML Leathanach 298
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean bocht an an Muirbhig agus botháinín beag tuighe aici ar bruach na h-abhann fado. Cé gur bhean bhocht dealbh í bhí sí glan innti féin agus bhí an botháinín glan. Bean bhocht fial flaitheamhail dob eadh i ná biodh cur isteach no amach air aoinne.
Ní raibh aon t-slighe maireachtaint sa t-saoghal aici acht ladhairín beag bháirneach is miongan do bailigheadh si ar Cladach Baile na nGall agus dhiolfadh si iad le ceannathoir sa Daingean.
Maidin airithe chuaidh si sios ar an gcladach ar a cúig a chlog. Bhí an mhaidean go h-aoibhinn. Nuair a shrois si an cladach thosnuig si ag bailiúghadh báirneach is miongan isteach in-a máilín. Bhí sé nach mór lán aice nuair d'feuch sí sios i dtreó na fairrge agus cad a chifeadh si sios n-a suidhe ar charraig acht bean óg áluinn agus í ag cioradh a cuid gruaige agus a caipìn ar an gcarraig i n-aice lei. Bhí dath an óir ar a chuid gruaige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nora Ni Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí