Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 035
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí garsún ann fadó agus bhí sé go bocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus gan fágtha ach an briste agus beirt muinirthle. Thug an Rev Mother síntús do i gcóir an bhóthair. Do bhí sé ag siubhal leis Ó Chonndae Chorcaighe agus am Nodlag aríst bhí sé in a áit féinig. An Domhnach nuair a bhí an pobal go léir bailighte ag an ndorus i gcóir an Aifrinn do gaibh an garsún bocht isteach agus gan air ach an briste agus an bheist. Bhí gach aon aoinne ag feuchaint air. Bhí an sagart paróiste céadna ar an dorus nuair a gaibh sé isteach thairris. Do chonaic an sagart é agus d'aithin sé é. Bhí pictiúr na Maigdine Muire ag crocadh istigh de'n doras agus nuair a labhair an sagart leis dúlaig an pictiúir agus connac an sagart é. Annsan cuimnig sé ar an tam a chuir sé iachall air an paróiste d'fhágaint. D'iarr sé air cad a thárluig do ó fág sé an áit agus d'innis an garsún bocht an sgéal do tríd síos, mar gheall ar an Rev Mother agus an oidhche a bhí sé chun codlata sa clochar agus mar gheall ar an nduine uasal a bhuail leis agus a bhí ag imirt cártaí leis. "Ní gádh duit do chosa do corruighe go deo aríst" arsa an sagart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chathair Aird, Co. Chiarraí