Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mian Mic a Shúil. Bhí fear in a chómhnaidhe i gCo. an Chláir uair amháin agus bhí aon mhac amháin aige. Cailleadh an máthair nuair a bhí an mac ana óg agus bhí an fear bocht cráidhte mar ní raibh aoine aige chun aire a thabhairt do'n leinbh.
Aon lá amháin chuaidh sé go dtí sean-bhean a bhí ins an mbaile agus d'iarr sé uirthi teacht go dtí a thig féin agus aire a thabhairt don leinbh.Dubhairt sí leis go dtiocfadh sí agus faillte.
Bhí feirm ana mhór aige agus bhíodh alán buachaillí aimsire agus cailíní aimsire aige. Bhí bean bainne acu leis. Táinig an tsean-bhean chun aire a thabhairt don leinbh agus bhí gach rud ag dul chun cinn go maith leó an fhaid a bhí sí acu. Bhíodh sí ag ordú na cailíní aimsire agus dheinidís rud uirthi. Dein an fear mórán airgid ar an stoc. Deirig an leanbh suas agus bhí sé cómh deas le aon leanbh a bhí le fághail. Bhíodh sé ag cabhrú leis an tsean bhean mór timcheall an tighe agus théigheadh sé go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)