Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Maiden Without Hands (ar lean)
“Bhí baintreach fir ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí baintreach fir ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Bhí buachaill aimsire sa tig agus bíodh sé ag obair amuich sa ghort gach aon lá. Téigheadh an chauilín amach sa ghort gach aon lá ag cainnt leis an buachaill aimsire agus ní leigfeadh sí do aon obair a dhéanamh. Do bhíodh a n-athair ag gabhailt di mar gheall air sin.
Aon lá amháin do rug a h-athair uirthi agus do cheangal sé í go cois na leabthan agus do chuir sé an glas ar an ndorus agus d'fhág sé ann í an feadh seachtmhaine gan faic a thabhairt le n-ithe dhi. Bhí poll beag ar an ndorus agus gach aon lá do chuireadh an buachaill aimsire blúire beag aráin isteach tríd an dorus cuiche. Nuair a bhí an t-seachtmain caithte do leig a h-athair amach í agus dubhairt sé léi gan dul go dtí an gort níos mó ag cainnt leis an mbuachaill. Do chuaidh an cailín amach aríst ag cainnt leis an mbuachaill agus do rug a h-athair uirthe agus do cheangal sé do chrann í agus fuair sé a chlaidheamh agus do bhain sé an dá láimh agus an dá chois diagus d'fágh sé annsan i ag fágail bháis. Fuair an buachaill aimsire blaincéad agus chuir se an dá láimh agus an dá cois isteach ann agus annsan do tóg sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí