Scoil: Ceann Trágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “Madra na nOcht gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsan. Tá sochraid ár máighistir ag an bhailebhig anois agus má tá aon mhaitheas ionnat ní leigfar dho dul thairis tig Bríde Bhán. Do thug Traobhlach iarracht ar scaoileadh ach níor eirig leis. Dhein sé iarracht eile agus tharraing sé an stalc go rabhadrar ceangalte leis. Do scaoil sé na trí cínn eile agus do ritheadar taobh istig do’n glaidhe. Nuair a chualaidh na capaill na slabhraí do ritheadar gach aon treo. Do cuaidh na madraí go léir amach roimis an cóiste agus stopadar na capaill. Annsan dúbhairt bean an scoláire leis an Rí iad a lomhach. Dúbhairt an rí ná dhéanfadh mar ná raibh aon rud éigin ionnta. Do cuaidh na madraí ináirde ar an gcóiste agus thógadar anuas an cómhartha an an mbóthar. Do bhaineadar an clúid do agus thógadar an scoláire ileith sa chómhartha. Do bhain leigheas an cnámh amach as drom an scoláire agus d’eirig sé ileith na bheathaidh ar an mbóthar. Annsan do cuaidh an scoláire agus a athair, agus a bhean agus na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0934B: The Youth to Die on his Wedding Day
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac an t- Saoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Beag, Co. Chiarraí