Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus bhíod sé amuich go déanach gach aon oidhche. Aon oidhche amháin bhí sé a h-aon a chlog nuair a bhí sé ag dul abhaile agus nuair a tháinig sé go Crosaire na gCeithre Rian tháinig báiseach agus chuaidh sé fé thor uaidh. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig an socruid agus níor raibh ach triúr fén gcómhrain. Chuaidh sé féin isteach fén gcómhrain annsan. Do rith an chuid eile uaidh, bhí sé annsan ar feadh tamaill agus d'oscail sé an cómhra agus bhí bean óg bréagh istig ann na beataig, do thóg sé amach í agus chuaidh sí abhaile go dtí an tig maonfheacht leis an bfear agus chuaidh sí a chodladh in aonfheacht le na dhrifúr. Bliadhain ón púcaí ar an dtaobh eile den chlaidhe ag rádh gur buadhain ón oidhche oidhche sin a tógadh an bhean uatha agus dubhairt duine eile acu na raibh aon mhaith inti mar na raibh aon chaint aici ach dá mbeadh braon ar an mbuidéal a bhí ar an mbórd aici go mbeadh a chaint aici. Do leím sé isteach agus thóg sé an buidéal agus thug sé braon le nól don gcailín agus bhí caint aici. D'iarr sé di cárbh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg O Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mám na Gaoithe, Co. Chiarraí