Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gort ag glaodhach ar a athair chun an dinnéir.
Lá amháin dubhairt an tsean bhean leis an bhfear go ragadh si abhaile go dtí na bothán féin. Do thug an fear dachad punt di ag dul abhaile di ach níor thóg sí uaidh é mar dubhairt sí gur ar son an t-Slánuightheóra a tháinig sí chuige.
Thug sí slán dóibh agus thug sí a h-aghaidh ar an mbaile. Ón lá sin amach ní raibh ag ruith leis an bhfeirmeóir. Nuair a thagadh sé abhaile bhíodh sé ag ordú na cailíní aimsire a bhíodh go diomhaoin istig.
Aon lá amháin chuaidh sé go dtí an t-seana bhean airíst chun comhairle fóghanta a ghlacadh uaithe. Sé an cómhairle a thug sí do ná posadh airíst. Do bhí sé sásta é sin a dhéanamh. Do chuaidh sé abhaile agus do phós sé i gcionn roinnt aimsire.
Ní raibh aon crích ins an mhnaoí a fuair sé. Gach aon lá a théigheadh sé go dtí an baile mór chaitheadh sé cóiste a d'fhágailt di. Bhí sí ana(leanann ar an chéad leathanach eile)