Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 155](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_155.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 155
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 155
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Uair amháin bhí cailín ina chómhnuidhe i gCillmhicadomhnaig ...”
(ar lean ón leathanach roimhe)a chur isteach ann.
Nuair a chonnaic sí cad a bhí sé ag déanamh thainig ana eagla ar fad uirthi mar bhí fhios aici cad a bhí sé ar inntin a dhéanam léi. Leim sí anuas do'n gcapall agus rith sí chómh maith agus a bhís í ábalta fé dhéin soluis bhig a chonnaic sí tamall uaithi. Nuair a tháinig sí go doras an bótháinín bhuail sí an doras agus dúbhairt sí "Comaraighim' anam oraibh a mhuinntir an tíghe." D'oscaluigheadh an doras láithreach di agus nuair a chuaidh sí isteach dubhairt sí le muinntir an thíghe an doras a dhúnadh go tapaidh.
Ní raibh sé ach dúnta nuair a thainig an buachaill agus do ghlaoidh se uirthi. Dúbhairt sé "tar amach a Mhéidrig", ach ní dúbhairt sise faic. Annsan dubhairt sé aríst "Tar amach a léir Mhéidrig". Dúbhairt sí leis na raghadh sí amach anois ná go deó chuige. Ansan dúbhairt siesean léi "Ní h-aon mahitheas duit é agus tar amach nó cuir do mhéireanna amach ar bárr an dorais." Chuir sí a méarasta amach agus bhain sé barraí na cuig méarasta dhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Súileabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Chiarraí