Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 157](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_157.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 157
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 157
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí beirt clainne aige, cailín agus buachaill.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí beirt clainne aige, cailín agus buachaill. Nuair a bhíodar deich mbliadhna d'aois cailleadh a máthair agus ansan fuair an fear cailín aimsire agus buachaill aimsire mar bhí feirm mhór talmhan aige. Bhíodar ag déanamh go maith ar feadh cúpla bliadhain agus nuair a bhí an buachaill agus an cailín ceithre bliadhna déag do phós an t-athair arís.
Ansan ní raibh aon chailín aimsire acu agus ní raibh ag rith go ró mhaith leó. Bhí gráin ag an leas mháthair do'n gcailín agus do'n mbuachaill agus bhíodh sí ag gabháilte do'n gcailín gach lá. Lá amháin bhí an leas mháthair istig 'na h-aonar agus chuimhnig sí ar seift. Lá ar na mháireach dubhairt sí leis an gcailín agus leis an mbuachaill go gcaithfidís dul go dtí an tír ba ghiorra dhóibh agus go raibh sé sin na mílte slighe ó bhaile. Bhí sí ag cainnt leó ar feadh tamaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí