Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fear ar an aonach lá agus bhí sé an-dhéanach is é ag teacht abhaile, agus bhí sé ar bog-meisce. Bhí am marbh na h-oidhche ann sar ar shroich sé an crosaire abhí tamaillín ó'n a thig féin. Chonnaic sé ceathrar fear agus comhra á iomchur acu ar a nguailnibh. Tháinigh eagla air a thug a chiall do agus leim sé thar an gclaidhe is d'fhan sé ciúin go raibh na daoine imthighthe thairis.
Léim sé amach ar an mbóthar taréis tamaillín agus lean sé ar aghaidh, is nuair abhí sé ag an gcros-bóthar chonnaic sé fear mór agus buachaill beag. Bhí an fear ag tabhairt sceimhle do'n bhuachaill is bhí an buachaill ag gol. Bheannuigh sé dóibh ach leis san d'imthigheadar as radharc.
Ní raibh sé ibhfad istigh ina thigh féin nuair a chuala sé trí cnaganna ar an doras. D'oscail sé é is ní raibh einne ann, chuaidh sé amach is ní fhaca sé aon nidh ach chuala sé daoine ag cainnt is ag gáiridhe. Isteach leis airís is dhun an doras. Tháinigh cnag eile , is an turus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhonnachadha
- Ainmneacha eile
- Bean Uí Dhonnachadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí