Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 142
- XML “An Chomhra”
- XML “An Banfhlaith”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)so nuair a chuaidh sé amach chonnaic sé socraid airís.
Annsan tháinigh fear mór árd go dtí an doras agus labhair sé leis.
"Má bhionn tú amuigh an t-am so airís istoidhche", ar seisean "daorfaidh mé tú."
Chuaidh an fear bocht a chodladh annsan, is ní raibh sé amuigh chómh déanach san airís. - Uair amháin do bhí ina gcómhnuidhe i bpálás mór rí agus bainrioghain agus a mbeirt inghean, Maire agus Ríte. Caiín an-chrosta spriunlaithe do b'eadh Ríteis ní thiubhradh leath-phinginn do na bochtaibh. Aon oidhche amháin chuaidh an bheirt chailín amach ag spaisteoireacht do chonnaic Ríte madra mór dubh, is bhí se ag caitheamh teine amach as a bhéal.
"Ó a dheirbhiúirín dilis" ar sise, is do rug sí greim uirthe "an bhfeiceann tú an madra mór dubh ?"
"Ní fheicim aon nidh "arsa Maire.
Annsan díreach do léim an madra uirthe , ach do dhein sí cómhartha na Croise is d'imthigh sé.
Bhí folt fada órdha ar Mháire is bhí éad ag Ríte léithe. Aon tráthnóna breágh amháin agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhonnchadha
- Ainmneacha eile
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí