Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chómhnuidhe. Domhnall Criomhthainn b'ainm do. Bhí seachtar inghean aige agus ceann buidhe síos go talamh ar gach ceann acu. Bhí buadh ag an seachtmhadh cailín. Bhí mac aige agus ceann dubh air. Bhí piast sa loch Cill a' Riogh. Ós a chionn in áirde bhí an tigh aige. Ar scoil Cill Mhic an Domhnaigh bhí an buachaill ag dul, agus laistiar de'n loch a gheibheadh sé ar eagla na péiste.
Bhí Donn Dubh ag teacht abhaile ó scoil lá. Bhuail fiolar chuige agus trí cinn de ghearrcaigh le n-a chois.Do thuit ceann acu ar an dtalamh agus ní raibh an léim léi. Rith sé 'na dhiaidh, rug sé air agus rug leis abhaile é. Bhí sé annsan agus gach aon saghas feola agus bídh aige dá dtabhairt dó agus min-choirce agus leamhnacht gabhair a gheobhadh sé féinig. Bhí sé ag dul ar scoil nó go raibh sé ina fhear, ocht mbliadna déag d'aois. Ní fheadair sé conus a chuirfeadh sé an phiast chun báis. Bhí sé á tabhairt fé ndeara agus nuair a gheibheadh sé 'na chodladh istoidhche bhiodh sé ag tógaint múir talamh nó go raibh sé chómh h-árd leis féin agus ag béal dorais an locha. Dhein sé geata iarainn go raibh trí spioraí . Chuir sé slabhradh mór fada air agus ghreamuigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí