Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 364
- XML “Bean Mhic Ghearrailt - Bean an Ghearraltaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear óg de mhuintir Ghearraltaigh ina chómhnuidhe in Eaglais, Lios Póil. Nuair a tháinig an t-am chuige do phós sé, ach nior mhair an bhean ibhfad. Badh ó Bhaile Dubh i bParóiste Caisleán an Ghriagaire í sin, agus nós iseadh é nuair a gheibheann bean óg mar sin bás gan í do chur i n-uaigh a fir céile ach í thabhairt tar n-ais go dtí a muintir féin chun í chur.
Do chuir an Gearraltach a bhean chéile san uaigh le n-a mhuintir féin agus bhí scata mór de Ghearraltaigh is de Shúilleabhánaigh is de cháirde eile Cháit bean Uí Chonchubhair, An Meall, ag an socraid. Bhí an lá is an tráthnóna fiadhain agus stoirmeach agus tréis na socraide in ionad dul abhaile bhailigheadar isteach i dtigh an Chonchubharaigh sa Mheall, agus d'fhanadar ann go dtí timcheall meadhon oidhche nuair a bhí maolú tagaithe ar an stoirm. Niorbh fhada ar an mbóthar dóibh nuair a chonnacadar chúchu scata mór daoine iad ag gluaiseacht go mall. Ar theacht i ngiorracht dóibh thugadar fé ndeara go raibh comhra ar a nguailnibh ag ceathrar acu, agus nuair a bhíodar ag gabhailt thártsa amach d'aithnigheadar mórán dhá sinsear féin a bhí caillte le bliadhnta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí