School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 365
- XML “Bean Mhic Ghearrailt - Bean an Ghearraltaigh”
- XML “An Reilig i mBaile Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is amhlaidh d'éirigh muintir na mná a bhí curtha an lá sin, d'osclaigheadar an uaigh, thógadar amach an cómhra, rugadar leo í treasna Cnuic na Conartha ó Eaglais go Baile Dubh agus chuireadar annsan í san áit gur ceart di bheith.
- Tomás Ó Rocháin atá 'na chómhnuidhe i mBaile Dubh in aice leis an roilig d'innis an scéal seo do'n tSr. Roinnt bliadhan ó shoin do cuireadh breis leis an roilig sin. Leagadh an falla agus cuireadh suas falla eile i bhfad amach ó'n sean-fhalla. An oidhche tréis é do bheith críochnuighthe chuala sé , i lár na hoidhche, glór agus fothram fé mar a bheadh rás capall ar siubhal, agus ar maidin chonnaic se rian na gcrudh capaill mórdtimcheall na roilige amuich.
Dar leis is amhlaidh a bhí an oiread san áthais ar na h-anamna bochta a thuille slighe a bheith acu gur éirigheadar agus thosnuigheadar ag marcaidheacht dóibh féin.- Informant
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí