Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 378

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 378

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 378
  3. XML “Gallus na gCos nDubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uair gur thug na buachaillí seo an mhóin leo ná leigfeá do'n teine iad".
    Níor thug Gallus aon bheann air. Labhair a athair airís is airis eile leis ach ní raibh aon mhaith do. Sa deire thug sé clabhta dó, ach má thug d'eirigh Gallus ar buille.
    "Muna mbeadh gur m'athair tú" ar seisean leis "ní bhuailfeá aon duine go seo airís".
    Annsan chuaidh sé an doras amach agus chuir sé a ghuala le binn an tighe. Oidhche spéir-ghealaighe do b'eadh é agus tréis tamaill thug sé an bóthar air féin. Bhí sé ag siubhal roimis agus níor stad sé riamh nó gur bhain amach crosaire ar a dtugtar Crosaire an Fheiritéirigh. Sheas sé annsan agus a dhromleis an gclaidhe timcheall céad slat o'n lios.D'fhéach sé an bóthar soir agus thug se fé ndear go raibh rud éigin ag teacht ina threo, agus é ag glioscarnaigh fé sholus na gealaighe. Nuair a bhí sé níos goire dó chonnaic sé gur cómhra é, ach ní raibh ach triúr fear fúithe. Bhí truagh aige do'n duine a bhí ina aonar agus chuir sé a ghuala fé'n gcomhrainn in aice leis chun cabhrú leis, ach má dhein do scaoil an triúr acu an chomhra anuas ar an mbóthar agus d'fhágadar ann í.
    Bhí Gallus bocht annsan 'na aonar ar an mbóthar agus an chómhra le-n-ais, agus ní raibh fhios aige cad do dhéanfadh sé, nó conus a bhéarfadh sé an chómhra do'n roiligin a aonar. Bhí sé ró-dhéanach ghlaodhach ar na comharsain, agus sa deire bheartuigh sé an marbhán do thogaint amach agus é iomchar go dtí an roilg, agus annsan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Caladh, Co. Chiarraí