School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uair gur thug na buachaillí seo an mhóin leo ná leigfeá do'n teine iad".
Níor thug Gallus aon bheann air. Labhair a athair airís is airis eile leis ach ní raibh aon mhaith do. Sa deire thug sé clabhta dó, ach má thug d'eirigh Gallus ar buille.
"Muna mbeadh gur m'athair tú" ar seisean leis "ní bhuailfeá aon duine go seo airís".
Annsan chuaidh sé an doras amach agus chuir sé a ghuala le binn an tighe. Oidhche spéir-ghealaighe do b'eadh é agus tréis tamaill thug sé an bóthar air féin. Bhí sé ag siubhal roimis agus níor stad sé riamh nó gur bhain amach crosaire ar a dtugtar Crosaire an Fheiritéirigh. Sheas sé annsan agus a dhromleis an gclaidhe timcheall céad slat o'n lios.D'fhéach sé an bóthar soir agus thug se fé ndear go raibh rud éigin ag teacht ina threo, agus é ag glioscarnaigh fé sholus na gealaighe. Nuair a bhí sé níos goire dó chonnaic sé gur cómhra é, ach ní raibh ach triúr fear fúithe. Bhí truagh aige do'n duine a bhí ina aonar agus chuir sé a ghuala fé'n gcomhrainn in aice leis chun cabhrú leis, ach má dhein do scaoil an triúr acu an chomhra anuas ar an mbóthar agus d'fhágadar ann í.
Bhí Gallus bocht annsan 'na aonar ar an mbóthar agus an chómhra le-n-ais, agus ní raibh fhios aige cad do dhéanfadh sé, nó conus a bhéarfadh sé an chómhra do'n roiligin a aonar. Bhí sé ró-dhéanach ghlaodhach ar na comharsain, agus sa deire bheartuigh sé an marbhán do thogaint amach agus é iomchar go dtí an roilg, agus annsan(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Portmagee, Co. Kerry