Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)

Suíomh:
An Luachair, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luachair
  2. XML Leathanach 023
  3. XML “Seán Bhaile an Scotaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'Sé an céad duine eile tháinig,ná bacach Uibh Ráthaigh agus an inghean. Tháinig dhá shúil do a chonnaich sé Seán agus an áit go mbíodh sé féin suidhte,canntáltha aige. Ní cneasta a fhéachaint do thug sé air,ach níor chuir san aon chorruighbuaich ar Sheán.
    Níor bhfada gur thosnuig na daoine ar theacht is gnáthach go mbíd siad ag iarraidh tosach a bhaint dá chéile, mar an céad duine ar maidin a chídhfidh-Breach an Tobair-tá a leigheas déanta.
    D'réir mar bhíodh an turas tugtha théidís a triall ar Sheán chun deoch d'fhághail as an árus, agus creid mé leis nách 'na phóca bhíodh a theanga nuair a théidhtí ag triall air. Bhí paidir na mbacach ar a thoil aige,agus sé a bhí ábalta ar a chás do chuir in iúil. Bhíodh an-thruagh aca d'fhear bhreágh óg mar é a bheith gan a coisidheacht. D'réir mar oirfead leigfeadh sé air do chuid aca gur an 'Front' d'éirig sé dhó ach sé an scéal ba ghnáthaidhe a bhíodh aige ná go raibh sé mar sin riamh aige.
    Ní mór an ao'chor do théidheadh ag triall ar Bhacach Uíbh Ráthaigh. Bhí sean aithne ag cuid aca air agus bfeárr leó rud do thabhairt do'n bhfear deoranta an babhta sa. Sé críoch an scéal é, go raibh Seán a'dhéanamh trí oirid le fear Uibh Ráthaig agus bíodh an sean bhacach ag an dá shúil tríd. Bhí éad aige leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Carraig Áithe, Co. Chiarraí