Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach bhocht ann fadó agus bhí mac aici. Lá amháin chuaidh an mach ar an aonach le bó cun an chíosa do díol. Dhíol sé an bhó ar cúig púnt. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile , thárla go dhein sé cioth throm agus seo fé dhéin an claidhe mo bhuachaill chun fothanna d'faghail. Bhí casóg mór aige agus caith sé anuas ar leach chloiche a bhí i naice leis an casóg. Nuair a bhí sé tirm seo cun bóthair é, ach má chuaidh rug sé ar an gcasóg agus th airigh sé leis an leac is eile. Cad a gheobhadh sé fé'n lic ach sparán mór airgid. Seo leis abhaile, agus dubhairt sé le na mháthair go bhfuair sé an t-airgead fé cloch agus dar ndóigh caith sé é tabhairt dí. Cuir sise i gcoimeád sa cómhra é.
Lár na bháireac bhí an mach amuigh agus chonaic sé Pedléir ag cuardach i naice na lice i na bhfuair sé an sparán. D'fiafruigh sé dó cad a bhí uaidh. Dubhairt an Pedléir ná raibh sé ag cuardach aon rud. "Tá tú ag cuardach rud éigin arsa an garsún. D'innis sé dó gur sparán airgid a bhí istig fé'n lic aige agus ná raibh sé "Airiú" arsa an garsún "Ná fuil sí sin ag mo mháthair sa cómhra aige baile. An mar sin é arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gineáith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí