Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig an buachaill aimsire isteach. Seadh arsan sagart an buachaill aimsire é seo atá agat? Seadh arsan feirmeóir agus is sé an buachaill is fearr do caiseadh treasna fós orm é. Táim cun mo inghean a thabhairt le pósadh dó. Ní fearra dí beith tabhairt cúig púint do sagart ar sé san t-saoghal atá ann acht pósadsa gan faich iad.
Tá sé cómh maith acu in ainm Dé ar seisean dul síos ar a dhá ngluain agus pósadsa cómh maith le aon t-sagart iad. Do chuaidh an lánamha síos ar a dhá ngluain agus do léig an sagart ós a gcíonn. Bhí san mar sin go dtí Dia Domhnaig a bhí chúghainn. Fuair sé cead ó'n sagart paróiste Aifreann do léigheamh. Do dhein agus nuair bhí an t-Aifreann leighte aige. Sara dtosnuig sé ar sean mhóin do thabhairt dubhairt sé leis an b'pobail gur phós sé an céad lánamha an t-seachtmhain seo.
D'éirigh an feirmeóir an cainnt agus nuair chuaidh sé i mbéal an pobail ní bhfaigheadh sí aoinne eile pósadh mar bhí sí pósta cheana. Chaith sí luighe leis annsan agus mhaireadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Ghrífín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí