School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luachair
- XML Page 143
- XML “Sclábhaithe an Leitriúigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbeidís go maith sa bhaile. D'fhan sé leis an blian san agus annsan ná fanaidh sé aon lá eile gan teacht abhaile. Fuair an feirmeóir a thuarasdal agus do chuir sé ar an mbórd é. Anois arsa an feirmeóir cioca a b'fhearr leat do thuarasdal nó trí comhairleacha a thabharfainn féin duit. Do bhí sé ag cuimhneamh ar féadh tamaill ach bhí fhios aige gur fear cliste an feirmeóir agus dubhairt sé go dtógfadh sé na trí comhairleacha. Tá san go maith arsa an feirmeóir. Do ghlaoidh sé ar leath taoibh ar a mhnaoí agus dubhairt sé léi trí bulóga aráinn a dhéanamh agus tuarasdal (sé léi)[?] bliana do chuir isteach i ngach ceann aca agus iad do chuir i mála chuige. Anois ar seiseann an chéad chómhairle a thabharfad-sa dhuit. Ná tabhair aon comhngar slighe ar dul abhaile duit ach an bóthar mór a choimeád. An tarla chomhairle, gan fanacht in aon tigh a bheadh fear óg pósta le seanduine. An tríomhadh comhairle a thug sé dó gan aon nídh a dhéanamh indiu go mbeadh aithris air i mbáireach mar gheall air.
Do thug sé na trí bulóga dó annsan agus dubhairt sé gan aon smut a thógaint asta go raghadh sé abhaile agus ceann a thabhairt dá mhnaoí agus do'n bheirt mac. Do chuir sé chun bóthair agus ní raibh sé i bhfad ar an mbóthar(continues on next page)- Informant
- Pádruig Raoghal
- Gender
- Male
- Age
- c. 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Luachair, Co. Chiarraí