Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 130
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí táilliúr ann fado agus bhí sé na shuidhe ar an mbórd ag déanamh culaith eadaigh, nuair tháinig scata cuilleóga mór thimcheall air. Rug sé ar an tuáuille agus mhairbh sé céad ceann den na cuilleóga de'n aon iaracht amháin. Dubhairt sé leis féin ná cuirfeadh sé snáth in a láimh go deó arís agus níor chuir. Cuaidh sé amach an lá seo agus dubhairt sé le gabha cliadhain a dhéanamh do. Nuair a bhí an gabha ag déanamh an cliadhaimh dubhairt an tailliuír leis scriobha air gur mhairbh sé céad den aon iaracht amhain. Dein an gabha é.
Dubhairt an tailliúr annsan ná bheadh aon eagla air roimh aon fhear annsan. Bhí fathach 'na comhnuidhe sa baile ceadhna leis an tailliúr agus nuair a chualadh sé é sin thainig sé iag, go dtí an tailliúr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conn Ó Néill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Néíll
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí