Scoil: Scoil N. Erc
- Suíomh:
- Baile an Mhúraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Erc
- XML Leathanach 290
- XML “Long a Briseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do thagadh an chruithneact isteacht ina dhiaidh sin agus do bhailígheadh na daoine é agus shábhálaidís é. Do bris an aimsir an long agus tá an t-anncaire a chaith sí uaithe thiar ann fós agus nuair a bhíodh na h-iascairí ag iasgach lé síghne trágha do théigeadh an síghne trágha in achrann ann agus b'eigean dóibh cómharthaí talmhan a chur air ar a dtugtar corr an annchaire air. Níor deineadh aon iarracht ar an long féin do shábháil toisc ná raibh aon oireamhaintí ann chuige ina an am san ach cuireadh téad ón dtalamh amach go dti an long agus do tháinig na fir isteach duine ar dhuine leis an dtéud. Isé an rud a thugadh amach an téid gach uair ná gadhar mor a bhí ar bord go raibh sé sin múinte do. "Meduise" an ainm a tugtaí ar an luing.
Cáit Ni Mhurchadha.
Fuair ón a máthair,Bríd Ui Múrchadha.- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Múrchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann