Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1917. Tá "Bóthar a' Tóchair" ag dul leath slighe ó'n dTír go dtí an Lios. Casán a bhí ann roimis sin. Do dheineadh é sa bhlíain 1921. Tá "Bóthar na Roimpéirí" ag dul ó'n Lios síos go dtí an Cé. Seana casán a bhí ann sar ar deineadh é. Tá "Bóthar na Ceárdtan" sa Ché ag dul ó'n mBóthar Nua go dtí an tráigh, agus tá an cheardtain anaice leis. Tá "Bóthar na gCloch" ag dul ó'n Lios go dtí an cnoc. Tá Bóthar an Bhaile Mhóir ag dul ó'n Lios go dtí Baile Móir. Tá "Bóithrín na h-Úarlann " ag dul ó Mhuirreagráin go dtí an tráigh. Tá an "Bóthar Caol" ag dul ó'n Lios go dtí an Cé. Bhí ochtar fear agus seisear ban ag obair ann. Tuistiún sa ló a gheibhidís. Tá an "Bóthar Dubh" ar an teórain idir Tír is Maca an Mhíl.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Muirchearthaig