Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 403
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an ainm atá ar mo bhaile féin ná an "Ché". Tá sé i bparóiste Breanndáin agus i mbarúntacht Chorca Dhuibhne. Tá naoi dtig is fiche san mbaile. Ní raibh ach seacht dtig is fiche ann fadó. Tá dhá thig ceann tuighe sa Ché, agus tá tíleanna agus slínn ar an gcuid eile aca. Sé an sloinneadh is coitchíanta sa bhaile seo anois ná na "Mórdaig". Sé an chúis gur baisteadh an Ché ar an mbaile mar ta dhá chala ann, agus cé i ngach ceann díobh. Tá seisear déag sean daoine ó's cionn seachtmhó blíadhain san "Ché". Tá síad go léir ábalta ar Gaedhilg do labhairt. Is feidir leo scéalta d'innsint i nGaedhilg agus i mBéarla. Síad na h-ainmneacha atá ortha ná:--(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádruig Gruiméil
- Inscne
- Fireann