Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Naomh Pádraig "abair leis gurab é a dubhairt." Go mbeannuighidh Dia Crom Dubh.D'fhág an giolla annsan é is nuair a shroich sé an baile d'fiafruigh Crom Dubh de cé'n sgéal a bhí aige nó cad mar gheall ar bhfear iongantach san."Fear iongantach thar na beartaibh siadh é a mháighistir" ars an giolla. "Do ghlac sé buidheachas leat is dubhairt "Go mbeannuighidh Dia Crom Dubh".Do dhein Crom Dubh smiota gáire. "Bainfimid triail eile as" ar seisean.I gcionn tamaill eile, do chuir sé an giolla le beathuígheach eile go dtí Pádraig, ach má chuir 'sé an beannachadh céadna a thug Pádraig do. Nuair a bhí an giolla ag innsint do Crom Dubh nár cuir Pádraig puinn suime sa mhart."Go deimhin" arsa Crom Dubh "raghaidh mé féin in-aoinfheacht leat agus tabharfam linn beathuigheac eile agus beidh fhios agam an bfuil díoluigheacht le fagháil am bronn tasaí.Do ghaibh sé súas é féin sa tslíghe na h-aithneóchadh aoinne é is do thimáin an giolla an beathuigheach leis. Nuair a fhscroicheadar (?) Tig Phádruig, do cuireadh fáilte rómpa.Dfíafruig Naomh Pádruig de'n ngiolla cérbh é an fear a bhí le na cois. Sé seo mo mháighistir a fhir mhaith," ars an giolla. An é seo Crom Dubh arsa Phadruig. "Se" ars an giolla. Do thóg Pádruig a(leanann ar an chéad leathanach eile)