Scoil: Dubhghlas (B.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Mac Giolla Phádraig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhghlas (B.)
  2. XML Leathanach 263
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tráthnóinín aoibhinn m'im shuidhe cois na leacan do chonnac-sa mo bhuachaillí ' gluaiseacht chun seatha...

    Siobhán ní Larfhaite a dhein an píosa seo leanas.
    bhí féith na filíochta fúithe 7 bhíodh sí ag gabháil timcheall na háite ag sníomh.
    Ag Rae an Chait d’imrigheadh an chluiche seo suas le trí fichid blian ó soin
    Síle Ní Raghallaigh d’athris dom é.

    Trathnóinín aoibhinn m’im shuidhe cois na leacan, Do chonnac-sa mo bhuachaillí 'gluiseacht cun reatha, Do bhuaileadar suas í fé uachtar an bhaile, Do chuireadar á mbádhadh iad i muing báidhte ‘sa bpuill maidí.
    Do ghluaiseadar inuas chúghainn go h-uasal mear tapaidh, Lasad ‘na ngruadhanna agus gan iad do ghéilleadh bheith marbh, D’fhiafhruighead ar dinn-ne cár fhágmair na fearaibh D’fhágamair shuas iad ag glaodach ar na sagairt.
    Tháinig crampaí ‘na nglúnaibh 7 d’alt suas a n-alta, Thuit allus ar a súile mar thuitfeadh an sneachta, Ní hé an leamhnacht úd d’óladar ná an tae bríoghmhar mar mheasaim, Ach an braoinín blátaighe leis na prátai.
    Tháinig an smóilín ar dath-bhláth an aitinn, Ag féachaint ar na trean-fhir do bhí gléasta chun reatha, An iad san trúp Éilion ón nGréig chúghainn do thaisteal, Nó mór-shluaighthe na Féinne, nár tréigh riamh lán catha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Raghallaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Síle Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann