Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 350
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsear na h-Inide a tugtar ar an aimsear ó lá Nodlag beag go dtí Máirt na h-Inide. Pósann a lán daoine i rith na h-aimsire seo agus go mór mhór Máirt na h-Inide. Ins an t-sean aimsear bhíodh cuid mhaith cleamhnastí, agus cóistí ar siubhal agus do bhíodh na sean daoine an-gnóthach ag déanamh na cleamhnaistí. Nuair a bhíonn buachaill agus cailín oireamhnach agus toilteanach chun pósadh deintear cleamhnas dóibh. Ar dtúis téigheann tuismightheóir an bhuachalla agus beirt nó triúr eile go dtí tig an chailín chun cleamhnas a dhéanamh.
Tógann siad uisce beatha leó de gnáth agus annsan tosnuigheann siad ag ite agus ag ól agus ag déanamh an chleamhnais. Bíonn duine nó beirt ó thaobh an chailín ann chómh maith agus iad i bhfochair a chéile. Tosnuigheann siad ag moladh na beirte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Ní Chonnchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Conncubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí