Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 351
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go deire na sgríbe agus annsan bíonn an cleamhnais déanta aca de ghnáth. Má bhíonn an cleamhnas déanta díolann an cailín, nó an buachaill an spré.
Ní amháin in airgead a dhíol na daoine an spré fadó ach i dtalamh agus beithidhigh. Thosnuigheann buachaill agus an cailín ag ullamhú agus ag ceannach éadaige i gcóir an bhainfhéis. Bíonn beirt ag seasamh leis an mbeirt a phósann. Glaodhtar an fear coimhdheach ar an bhfear a seasuigheann le fear na bainnse agus an bean coimhdheach leis an brideóig. Tar éis an sacrimínt do ghlacadh sgaptar rís ortha nuair a thagann siad amach ó'n Eaghlais.
Téigheann siad go dtí Cill_Áirne nó áit eile i gCiarraidhe ar culóg tar éis an posadh, sé sin fear i mbun capall agus cailín las-tíar de. Bíonn spórt mór aca an oidhche úd i dtig an chailín agus téigheann buachaillí gan cuireadh leis. Tugtar buacaillí tuighe ortha. Bíonn siad gleasta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Ní Chonnchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Conncubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí