Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a luigheann na ba taréis bheith leigthe amach is comhartha teasbhaighe é
Nuair a thigeann na caoirigh sléibhe chuig na gleannta is comhartha stoirme ach nuair a fhanann siad ar na sléibhte is deag-chomhartha é
Is droch-chomhartha an sionnach a chloisteál ag caoineadh i gciúineas na h-oidhche
Nuair a itheann an madadh féar nó nuair a ólann sé uisge bíonn fearthainn ag teacht
Luigheann an cat, cúl le teine ar theacht fearthainne
Is droch-chomhartha é an cat ag sgríobadh mála nó ádhmuid
Éirigheann na froganna dubh roimh bháistigh
Droch-chomhartha iseadh alán seilmide bheith amuigh um tráthnóna
Nuair a bhíonn na míoltóga go tiuch um tráthnóna deirtear gur comhartha báistighe é- Bailitheoir
- Pádraig Ó Mearáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Nuachabháil, Co. Shligigh