Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 063
- XML “Turloch Caoch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus cuaidh sé amach ag iascaireacht lá. Bhí slat, dorugha agus dubhán aige. Chuir se baoithe ar an dúbán agus chaith amach san abhainn e. Bhí sé ag iascaireacht go ceann i bhfad agus fe dheireadh fuair sé freagairt. Bhí rud an-thron ar an dúban agus is ar éigin a bhí se inann e a tharraint isteach. Tharraing sé chun chuan é agus is annsin a thug e faoi deara gur fear a bhí ann agus bhí an dúbán sáidhte in-a shúil. Bhí an fear beo ach ina dhiaidh sin. Bhí radhairc na shúile caillte aige. D'iarr sé luach na súile ar an bhfear eile. "Nár sábáil mé d-anam duit" ars an t-iasgaire "gan dul ag tabhairt luac do shúile duit anois"
Thug fear na leath-shúile isteach 'un a tseisiúin an fear eile. Níor fhéadh an breitheamh luach na súile a dhéanamh amach dhó. Ó shábhail sé a anam dhó níor fhéad breitheamh ar bith breitheamhas a thabairt air. Bhí an cheist á pléidhe ar fud na tíre.
Bhí na sgoláirí ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh