Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chroidhe istig,
Nuair bhí sé ag feachaint ó'n dtalamh ar an anaithe a bhí aca,
Traochadh leanbh, is ní mar sin a bhíodar,
Acht na laochaibh gaisge go dtí gur laguig an scríb íad.(VII)'Sis ró bhreágh an leabaidh in ar cuireadh chun súain íad,
Na luighe san ngainimh is na tonntaí dá lúasgadh,
Bhíodh árthaí fé crannaibh ar an bfairrge dhá gcúardach,
Acht beó ná marbh ní fúarathas a dtúairisg.
Timcheall le seachtmódh blíaín ó shoin do bhí triur de mhuinntear Lucy ag íásgach De hAoine. Do bhí an lá go hana bhreágh núair a bhíodhar ag dul amach acht deirig stoirm. Do bhíodar ana ghar don chósta núair a búaileadh an bád i gcoinnibh cairrge agus briseadh í. Bádhadh an triúr fear. Bhí a n-athair istig ar an dtalamh ag féáchaint amach ortha agus íad dá bhádh. Do bhíodh alán bádh dhá lorg acht ní fúarathas ríamh íad. Annsan do dhein muinntear an bhaile an caoineadh dóibh. Bean dall a dhein an dá bhéarsa deireantach.
(An seóladh céadhna)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí